ISBN-13: 9781782010807 / Irlandzki / Miękka / 2014 / 292 str.
Airitear Isaac Asimov, an "Dea-Dhochtuir," ar chlasaicigh mhora an fhicsin eolaiochta. Ba iad na Scealta Robataice agus na Scealta Fonduireachta an da mhorshraith a thainig ona pheann bisiuil. Rugadh sa Ruis sa bhliain 1920 e, ach ni raibh ann ach tachran buachalla nuair a chuaigh an teaghlach ar imirce go dti na Stait Aontaithe. Giudaigh Ruiseacha ab ea a mhuintir, agus ba i an Ghiudais (canuint Gearmainise na nGiudach in Oirthear na hEorpa) a theanga dhuchais. Bhain se amach ceim sa bhithcheimic, agus bhi se ina Ollamh Cunta le Bithcheimic in Ollscoil Boston trath. Ba iad na scealta ficsin eolaiochta a thabhaigh clu domhanda do afach. Fuair se bas i Nua-Eabhrac sa bhliain 1992 i ndiaidh do an SEIF a tholgadh o fhuilaistriu truaillithe. Is e Hari Seldon an matamaiticeoir is mo le ra ar fud Bhealach na Bo Finne, agus e tar eis an mhatamaitic, an tsiceolaiocht agus an scriobh staire a chumasc in aon bhrainse reabhloideach eolaiochta - an tSiceastaraiocht, a cheadaios do todhchai an chine dhaonna a oibriu amach roimh re. Is e is toradh da chuid taighde, afach, go bhfuil Impireacht na Bo Finne, an impireacht shaibhir shiochanta a chuimsios an realtra go leir, le titim as a cheile roimh i bhfad, agus cogai beaga suaracha idir rithe cuigiula agus tiarnai aitiula le teacht in ait na sean-bhuansiochana. Caithfidh Seldon Fonduireacht a bhunu ag ceann an realtra le hoidhreacht na heolaiochta a thabhairt slan tri cheadta bliain na barbarthachta. Thainig na scealta faoi Phlean Seldon agus faoin bhFonduireacht i gclo an chead uair sna 1940idi ar an iris Astounding Science Fiction, agus foilsiodh faoi chludach leabhair iad sna 1950idi. Fuair a lan scribhneoiri ficsin eolaiochta inspioraid o na scealta seo o shin i leith, agus is cuid de dhushraith an tseanra iad inniu. Mar sin ta se thar am iad a chur ar fail as Gaeilge. Scribhneoir Gaeilge agus aistritheoir gairmiuil on bhFionlainn e Panu Petteri Hoglund a chaith na blianta fada ag deanamh dianstaideir ar scribhinni Gaeilge na Gaeltachta idir litriocht agus bhealoideas. Bhain se amach ceim sa leann Ghearmanach, Pholannach agus Ruiseach o Abo Akademi (Ollscoil Sualainnise na Fionlainne), agus chuir se Fionlainnis ar cheithre leabhar Ioslainnise nuair a bhi se og. Ta se meaite ar lon leitheoireachta a sholathar do lucht na Gaeilge a shasos na heilimh is airde amuigh. Thainig ceithre leabhar prois i gclo uaidh cheana fein, mar ata, Sciorrfhocail (2009 - ursceilin agus scealta), An Leabhar Nimhe (2012 - gearrscealta uafais in aithris ar Howard Phillips Lovecraft), An Leabhar Craicinn (2013 - gearrscealta earotacha) agus An tSlaivein (2013 - ursceal faoi Oirthear na hEorpa).
Áirítear Isaac Asimov, an "Dea-Dhochtúir", ar chlasaicigh mhóra an fhicsin eolaíochta. Ba iad na Scéalta Róbataice agus na Scéalta Fondúireachta an dá mhórshraith a tháinig óna pheann bisiúil. Rugadh sa Rúis sa bhliain 1920 é, ach ní raibh ann ach tachrán buachalla nuair a chuaigh an teaghlach ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe. Giúdaigh Rúiseacha ab ea a mhuintir, agus ba í an Ghiúdais (canúint Gearmáinise na nGiúdach in Oirthear na hEorpa) a theanga dhúchais. Bhain sé amach céim sa bhithcheimic, agus bhí sé ina Ollamh Cúnta le Bithcheimic in Ollscoil Boston tráth. Ba iad na scéalta ficsin eolaíochta a thabhaigh clú domhanda dó áfach. Fuair sé bás i Nua-Eabhrac sa bhliain 1992 i ndiaidh dó an SEIF a tholgadh ó fhuilaistriú truaillithe. Is é Hari Seldon an matamaiticeoir is mó le rá ar fud Bhealach na Bó Finne, agus é tar éis an mhatamaitic, an tsíceolaíocht agus an scríobh staire a chumasc in aon bhrainse réabhlóideach eolaíochta - an tSíceastaraíocht, a cheadaíos dó todhchaí an chine dhaonna a oibriú amach roimh ré. Is é is toradh dá chuid taighde, áfach, go bhfuil Impireacht na Bó Finne, an impireacht shaibhir shíochánta a chuimsíos an réaltra go léir, le titim as a chéile roimh i bhfad, agus cogaí beaga suaracha idir ríthe cúigiúla agus tiarnaí áitiúla le teacht in áit na sean-bhuansíochána. Caithfidh Seldon Fondúireacht a bhunú ag ceann an réaltra le hoidhreacht na heolaíochta a thabhairt slán trí chéadta bliain na barbarthachta.Tháinig na scéalta faoi Phlean Seldon agus faoin bhFondúireacht i gcló an chéad uair sna 1940idí ar an iris Astounding Science Fiction, agus foilsíodh faoi chlúdach leabhair iad sna 1950idí. Fuair a lán scríbhneoirí ficsin eolaíochta inspioráid ó na scéalta seo ó shin i leith, agus is cuid de dhúshraith an tseánra iad inniu. Mar sin tá sé thar am iad a chur ar fáil as Gaeilge.Scríbhneoir Gaeilge agus aistritheoir gairmiúil ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund a chaith na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar scríbhinní Gaeilge na Gaeltachta idir litríocht agus bhéaloideas. Bhain sé amach céim sa léann Ghearmánach, Pholannach agus Rúiseach ó Abo Akademi (Ollscoil Sualainnise na Fionlainne), agus chuir sé Fionlainnis ar cheithre leabhar Íoslainnise nuair a bhí sé óg. Tá sé meáite ar lón léitheoireachta a sholáthar do lucht na Gaeilge a shásós na héilimh is airde amuigh. Tháinig ceithre leabhar próis i gcló uaidh cheana féin, mar atá, Sciorrfhocail (2009 - úrscéilín agus scéalta), An Leabhar Nimhe (2012 - gearrscéalta uafáis in aithris ar Howard Phillips Lovecraft), An Leabhar Craicinn (2013 - gearrscéalta earótacha) agus An tSlaivéin (2013 - úrscéal faoi Oirthear na hEorpa).